01.08.2024
Dorset Street – St. Mary’s Estate Renewal Project / Sráid Dorset – Tionscadal Athnuachana Eastát Mhuire

Dorset Street North view CGI by Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein.  Radharc CGI ar Shráid Dorset Thuaidh le Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein.

The redevelopment of Dorset Street / St. Mary’s Place Flats passed another major milestone recently when construction works commenced, following the appointment of Duggan Brothers (Contractors) Ltd.

The works include the demolition of the four existing flat blocks and the construction of 163 new homes along with new spaces for community use. This will provide 50 additional new higher quality homes with high environmental sustainability. The improved site planning and landscaping will provide better access and a higher standard of amenity. The improved interface with surrounding areas will contribute to local regeneration and supports the Council’s strategic regeneration policies relating to the Civic Spine, Parnell Square Cultural Quarter and the Grangegorman campus.

Designed by a multi-disciplinary design team led by Scott Tallon Walker Architects & Levitt Bernstein Architects, with project management and initial feasibility master planning by City Architects, the development will range from three to seven storeys, with non-residential accommodation located on Dorset Street, while the interior of the development has a more residential character. The historic Dorset Street Fire Station building is to remain and is celebrated as a focal point in the complex.

High quality public spaces and new landscaped, pedestrian-based streets will connect the development to the surrounding neighbourhood. More private, high quality open areas are also planned within sheltered courtyards for the amenity of residents. There will be a mix of apartments, duplexes and terraced housing, all built to modern space and thermal standards. Ninety percent of the homes will be dual aspect and all will have private balconies or garden spaces.

Dorset Street aerial view CGI by Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein. Radharc CGI ón aer ar Shráid Dorset le Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein.

Over the coming months, the works will involve the demolition of the existing blocks and preparation for the new buildings, including piling for foundations and laying underground services. The project is planned to be completed in late 2026.

Project Team:
Client Dublin City Council Housing and Community Services
Main Contractors Duggan Brothers (Construction) Ltd.
Feasibility Masterplan & Technical Project Management City Architects Division, Dublin City Council
Architect Scott Tallon Walker Architects, Architect Levitt Bernstein Architects
Landscaping Levitt Bernstein Architects
Structural & Civil Engineers Curtins Engineers
M&E Services Engineers Ethos Engineering
Fire Safety Consultants MSA
Quantity Surveyors Cogent Associates

 

Dorset Street – StMarys Place view CGI by Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein. Sráid Dorset – Radharc CGI ar Phlás Mhuire le Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein.

Baineadh garsprioc mhór eile amach le déanaí le hathfhorbairt Shráid Dorset / Árasáin Phlás Mhuire nuair a cuireadh tús le hoibreacha foirgníochta, tar éis Duggan Brothers (Contractors) Ltd. a cheapadh.

Leis na hoibreacha sin, áirítear leagan na gceithre bhloc árasán atá ann cheana agus tógáil 163 teach nua i dteannta spásanna nua lena n‑úsáid ag an bpobal. Soláthróidh na hoibreacha seo 50 teach nua ardcháilíochta sa bhreis lena mbainfidh inbhuanaitheacht ard comhshaoil. Mar gheall ar an bpleanáil agus an tírdhreachú feabhsaithe, soláthrófar rochtain níos fearr agus caighdeán níos airde taitneamhachta. Beidh an comhéadan feabhsaithe leis na limistéir mháguaird ina chuidiú le hathnuachan áitiúil agus ina thaca le beartais athnuachana straitéiseacha na Comhairle maidir leis an gCosán Cultúir, le Ceathrú an Chultúir, Cearnóg Parnell agus le campas Ghráinseach Ghormáin.

Foireann deartha ildisciplíneach a dhear an fhorbraíocht faoi stiúir Scott Tallon Walker Architects & Levitt Bernstein Architects, agus thug City Architects faoin mbainistíocht tionscadail agus faoin máistirphleanáil tosaigh indéantachta. Beidh idir trí agus seacht n‑urlár i gceist léi, mar aon le lóistín neamhchónaitheach suite ar Shráid Dorset, fad a bheidh carachtar níos cónaithe ag baint leis an taobh istigh den fhorbraíocht. Tá an foirgneamh stairiúil Stáisiún Dóiteáin Shráid Dorset le fanacht ann agus tabharfar ómós dó mar lárionad sa choimpléasc.

Déanfar an fhorbraíocht a nascadh leis an gcomharsanacht mháguaird trí spásanna poiblí ardcháilíochta agus sráideanna nua tírdhreachaithe atá bunaithe ar choisithe. Tá níos mó limistéir oscailte atá príobháideach agus ar ardcháilíocht beartaithe freisin laistigh de chlóis fhoscúla ar mhaithe le taitneamhacht na gcónaitheoirí. Beidh meascán ann d’árasáin, árasáin dhá urlár agus tithíocht sraithe, agus iad uile tógtha de réir caighdeáin nua‑aimseartha spáis agus theirmeacha. Beidh dhá ghné ag baint le nócha faoin gcéad de na tithe agus beidh balcóiní nó spásanna gairdín príobháideacha acu uile.

Dorset Street – Granby view CGI by Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein. Sráid Dorset – Radharc CGI ar Granby le Scott Tallon Walker / Levitt Bernstein.                                                                                                                                                                               

 

 

Sna míonna atá amach romhainn, is éard a bheidh i gceist leis na hoibreacha ná na bloic atá ann cheana a leagan agus ullmhúchán a dhéanamh do na foirgnimh nua, lena n‑áirítear dúshraitheanna pílí agus seirbhísí faoi thalamh a chur síos. Tá sé beartaithe an tionscadal a chur i gcrích go déanach sa bhliain 2026.

Foireann an Tionscadail:
Cliant Seirbhísí Tithíochta agus Pobail Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Príomhchonraitheoirí Duggan Brothers (Construction) Ltd.
Máistirphlean Indéantachta & Bainistíocht Theicniúil an Tionscadal Roinn Ailtirí na Cathrach, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Ailtire Scott Tallon Walker Architects, Levitt Bernstein Architects
Tírdhreachú Levitt Bernstein Architects
Innealtóirí Struchtúr agus Sibhialta Curtins Engineers
Innealtóirí um Sheirbhísí Meicniúla & Leictreachais Ethos Engineering
Comhairleoirí Sábháilteachta ó Dhóiteán MSA
Suirbhéirí Cainníochta Cogent Associates