24.04.2024
Be inspired to take action at ‘Build Green Now 2024’, Friday 3 May, Croke Park, Dublin 3!/Bí spreagtha gníomh a dhéanamh ag ‘Tóg Saol Glas Anois 2024’, Aoine 3 Bealtaine, Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath 3!

It is an exciting but perhaps fearful time for all those tasked with delivering a sustainable built environment. There is an ongoing need to upskill to ensure we decarbonise construction and meet our climate action targets. The Irish Green Building Council ‘Build Green Now 2024’ conference is taking place on the morning of Friday 3rd May in Croke Park Stadium. It offers a unique opportunity to network and engage with the leading national and international thought leadership.

At Build Green Now 2024, speakers and panellists will explore a whole new framework of European legislation such as;
• the recently approved Energy Performance of Buildings Directive (EPBD),
• the Construction Products Regulation,
• Sustainable Finance Regulations Directive (SFRD) and
• the EU Taxonomy.

This new framework will reshape regulations and finance for the built environment and its supply chain over the coming 3 years. The morning conference will help you navigate these complex regulatory instruments. Hear about how IGBC is enabling the introduction of limit values for whole life carbon. Hear about international approaches that could enable the Irish regulatory system move far faster and help unlock the innovation needed in Ireland to decarbonise construction at the eye watering speed needed to meet our 2030 targets.

Leading European thinkers will provide insight into the future of the circular economy and how our urban areas can play a key role in the transition to cutting unsustainable land, resource use and biodiversity loss.

Follow the link to book now;
Build Green Now 2024 – Irish Green Building Council (igbc.ie)

Is tréimhse spreagúil é ach tréimhse scanrúil b’fhéidir dóibh siúd uilig a bhfuil sé de chúram acu timpeallacht thógtha inbhuanaithe a sholáthar. Tá gá leanúnach ann uasoiliúint a dhéanamh le cinntiú go ndéanaimid tionscal na tógála a dhícharbónú agus lenár spriocanna gníomhaíochta aeráide a bhaint amach. Beidh comhdháil Chomhairle Foirgneamh Glas na hÉireann ‘Tóg Saol Glas Anois 2024’ ar siúl maidin Aoine an 3 Bealtaine i Staid Pháirc an Chrócaigh. Cuireann sí deis ar leith ar fáil líonrú a dhéanamh agus caidrimh a bhunú le mórcheannairí smaointeoireachta náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ag Tóg Saol Glas Anois 2024, déanfaidh cainteoirí agus painéalaithe fiosrú ar chreatchlár iomlán nua de reachtaíocht na hEorpa amhail;
• an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD) a faomhadh le déanaí,
• an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta,
• an Treoir maidir le Rialacháin Airgeadais Inbhuanaithe (SFRD) agus
• Tacsanomaíocht an AE.

Cuirfidh an creatchlár nua seo atheagar ar rialacháin agus ar airgeadas don timpeallacht thógtha agus an slabhra soláthair a bhaineann léi sna 3 bliana romhainn. Cabhróidh an chomhdháil ar maidin leat tuiscint a fháil ar na huirlisí rialála casta seo. Éist leis an gcaoi a bhfuil tabhairt isteach teorainnluacha maidir le carbón lánsaoil á chumasú ag Comhairle Foirgneamh Glas na hÉireann. Éist le cuir chuige idirnáisiúnta a d’fhéadfadh córas rialála na hÉireann a bhrostú agus a scaoilfeadh leis an nuálaíocht atá ag teastáil in Éirinn le tionscal na tógála a dhícharbónú ag an luas lasrach atá ag teastáil lenár spriocanna do 2030 a bhaint amach.

Tabharfaidh Mór-Smaointeoirí na hEorpa léargas ar thodhchaí an gheilleagair chiorclaigh agus ar an gcaoi ar féidir lenár gceantair uirbeacha príomhról a imirt san aistriú i dtreo talamh neamh-inbhuanaithe, úsáid acmhainne agus caillteanas bithéagsúlachta a laghdú.

Lean an nasc seo a leanas lena chur in áirithe anois:
Build Green Now 2024 – Irish Green Building Council (igbc.ie)